Gaeilge

 

Múinteoirí

Ms Rachel Phelan

Leabhair

Maoin 1

Briathra na Gaeilge

Graméar is Féidir Leat

Foclóir ó Siochfhradha

Aidhmeanna

Curaclam don chéad bhliain curtha síos ag an Roinn Oideachais a dhéanamh.

Grá don teanga, don chúltur agus don Oidhreacht a spreagadh
Gaeilge a úsáid taobh amuigh den rang scoile
Cruinneas agus líofacht a fhorbhairt

Chomh maith le sin tá sé i gceist againn caighdéan ard a bhaint amach i scríobh agus i labhairt na Gaeilge agus chun scileanna éisteachta a chothú mar aon le tuiscint na teanga féin.
Chun meas, grá agus spéis sa Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt agus cursaí cultúrtha a chur san áireamh.
Chun na daltaí a spreagadh chun spórt is spraoi a bhaint as foghlaim na teanga agus i labhairt na teanga go háirithe taobh amuigh den seomra ranga.
Chun na daltaí a ullmhú do scrúdú an Teastais Shóisearaigh

Obair Bhaile 7rl…….

Bíonn rud éigin le déanamh gach lá, obair scríofa, obair TG4 nó rudaí le foghlaim. Bíonn nótaí, litreacha agus aistí le scríobh (níos mó ná lá amháin d’aiste) mar an gcéanna le tionscadal.
Gach deireadh seachtaine tá ar na daltaí uair ar a laghad a chaitheamh ag féachaint ar TG4. Spreagtar gach dalta an teanga féin a úsáid sa rang féin agus taobh amuigh den rang. Baintear úsáid as gach áis ar líne agus nuachtáin trí Ghaeilge atá ar fáil agus TG4. Moltar do gach dalta freastal ar Choláiste Gaeilge sa Ghaeltacht nó cúrsa a dhéanamh i mBaile Átha Cliath chun feabhas a chur ar líofacht.
Tá an-chuid achmhainne ar fáil taobh amuigh den rang scoile atá úsáideach chun an Ghaeilge a fhorbairt
m.sh:
Spin 103.8, Raidió na Lífe 102.3, Raidió na Gaeltachta
Suíomhanna ar an idirlíon
www.tg4.ie
www.focal.ie
Foinse (saor in aisce leis an Irish Independant gach Céadaoin)

Seachtain na Gaeilge

Imeachtaí ar siúl:
Tionscadal ‘Contaetha na hÉireann’ agus ‘Béaloideas’
Amhráin le foghlaim
Poc /Cic Fada
Tráth na gCéist
Comórtas na Múinteoirí
Postaeir, Cainteoir an Lae, Focal an Lae, Nath na seachtaine 7rl

Siollabas don Chéad Bhliain

Mé féin agus mo theaghlach:
ainm, aois, uimhreacha, an teach, clann, áit chónaithe

Mo Cheantar:
Contaetha, áiteanna, síopaí, treoracha, earraí, siopadóireacht

An Scoil
An t-am, ábhair scoile, fearas scoile, áiseanna, éadaí

An Aimsir:
Séasúir, míonna, laethanta, réamháisnéis na haimsire, laethanta saoire, tíortha, áiseanna, lóistín

Sláinte:
Codanna an Choirp, galair agus tinneas, oispidéal agus timpistí, caitheamh aimsire, sport, ceol, teilifís, raidió
agus ceolchoirm

Gramadach:
Aimsir Chaite, Aimsir Láithreach, Aimsir Fháistineach, Forainmneacha Réamhfhoclacha, Réamhfhocail Shimplí, An Chopal Is, Aidiacht Shealbhach, Séimhiú agus Urú.

An Scrúdú!

Bíonn scrúdú deasghnách coiteann chuile Nollaig agus Samhradh ag na scolairí. Tá an scrúdú briste síos mar seo

  • 60% Scrúdú Scríofa

  • 20% Scrúdú Béil

  • 20% Cluastriail

Nollaig

Aiste
Nóta
Carta Poist
Triailtuiscint
Gramadach

Samhradh

Aiste
Litir
Triailtuisceanna
Gramadach
Ceist samplach T.S